An Eoraip a Mhúnlú
Ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin le chéile: Na 2010í
Géarchéimeanna a shárú mar Aontas
Géarchéimeanna a shárú mar Aontas
Bhí dúshláin nua roimh an Aontas, an ghéarchéim airgeadais agus Brexit ina measc. Conas a d’fhreagair na vótálaithe?
2014: Tá sé éagsúil an uair seo: Gníomh. Frithghníomh. Toradh.
Thogh an Chróit a Feisirí den chéad uair, tar éis di teacht isteach san Aontas in 2013.
Ba iad seo na chéad toghcháin a reáchtáladh tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin. Céim chun cinn nua do Pharlaimint na hEorpa ba ea próiseas ‘Spitzenkandidaten’ — ba é an grúpa polaitiúil a fuair an líon ba mhó vótaí a roghnódh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh as sin amach. Agus tionchar ag vótaí daonlathacha na saoránach Eorpach ar uachtaránacht an Choimisiúin, ghlac príomhiarrthóirí na bpáirtithe polaitiúla páirt i ndíospóireachtaí ar an teilifís, in agallaimh agus i slógaí chun vótálaithe a spreagadh.
Bhuail marbhántacht eacnamaíoch na Ballstáit. D’fhéach an tAontas le dul i ngleic leis an ngéarchéim i dtíortha a bhí i bhfiacha chun cobhsaíocht an euro a chosaint agus briseadh suas limistéar an euro a chosc. Rinne Coiste Speisialta Pharlaimint na hEorpa ar an nGéarchéim Airgeadais, Eacnamaíoch agus Sóisialta (CRIS) moltaí maidir le conas ba cheart don Aontas freagairt don scéal. Thacaigh an Pharlaimint le Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chruthú, a glacadh in 2013, chun an dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac i réigiúin an Aontais ba mhó a bhí thíos léi.
In 2012, dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa don Chomhaontú Trádála um Fhrith-Ghóchumadh (ACTA), comhaontú a bhí conspóideach. Sa mhéid sin, bhí sí ag taobhú leis na daoine a bhí ina choinne, a d’áitigh go bhféadfadh cuid d’fhorálacha an chomhaontaithe ar an bpíoráideacht idirlín saoirsí na saoránach a chur i gcontúirt.
D’fhormheas Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na hÚcráine i gCív comhaontú lenar bunaíodh comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas agus an Úcráin. Níos faide i gcéin, tharraing an tEarrach Arabach (2011) aird na hEorpa agus bhris cogadh cathartha amach sa tSiria.