- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Dréachtú deacair agus uaillmhianach
Bhain lear mór deacrachtaí leis an dréacht den Chairt a dhréachtú mar nár bhain sé an uair seo le hathbhreithniú ar Chonarthaí an Chomhphobail ná le hinniúlachtaí an Aontais Eorpaigh a mhéadú. Ba é a bhí mar chuspóir an babhta seo ná a bhreacadh síos go soiléir cad iad na cearta a gcaithfeadh na hinstitiúidí agus na Ballstáit a urramú i bhfeidhmiú a gcuid dualgas dóibh. Mar sin féin, níor leor leis an gCoinbhinsiún catalóg de chearta a chur i dtoll a chéile, theastaigh uathu thar aon rud eile a chinntiú go bhféadfaí na cearta sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus go mbeadh fíoréifeacht leo.
Ach d'fhág an difríocht idir córais bhreithiúnacha na mBallstát éagsúil (reachtdlí/dlí coiteann, córas dlí a ghéilleann do na cúirteanna/prionsabail ghinearálta an dlí, etc.) go raibh castacht ar leith ag baint leis na moltaí ar fad a thabhairt i gcomhréir le chéile. Dá bhrí sin is trí chomhghéilleadh a rinneadh clásail áirithe agus bhíothas cáiréiseach ó thaobh na foclaíochta de. Go deimhin, is é atá go bunúsach i dtéacs na Cairte ná atáirgeadh ar fhorálacha a bhí go dtí sin le fáil anseo agus ansiúd in ionstraimí éagsúla idirnáisiúnta agus náisiúnta. Mar sin féin, bhí rudaí nua sa Chairt – go sonrach a mhéid a bhaineann leis an gceart chun doiciméid institiúidí an Aontais Eorpaigh a rochtain, cosaint do sonraí pearsanta, prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus cosaint an chomhshaoil nó go deimhin cearta a bhaineann leis an mbitheitic (‘cearta den chéad ghlúin eile’, mar a thugtar orthu).
Téacs gearr le 54 Airteagal a bhí i dtoradh na hoibre agus é dréachtaithe ar stíl shoiléir agus loighiciúil chun go mbeadh sé le tuiscint go héasca ag gach duine a raibh an téacs sin dírithe chucu. Liostaíonn an Chairt na cearta ar fad agus iad grúpáilte bunaithe ar roinnt prionsabal bunriachtanach: dínit an duine, saoirsí bunúsacha, comhionannas idir daoine, dlúthpháirtíocht, saoránacht agus ceartas. Sa bhrollach a ghabhann leis an gCairt, meabhraítear go bhfuil sé ‘beartaithe ag pobail na hEorpa, trí aontas níos buandlúithe fós a chruthú eatarthu, todhchaí shíochánta arna fothú ar chomhluachanna a roinnt’. Gan tagairt a dhéanamh d’oidhreacht reiligiúnach, luann an Chairt chomh maith oidhreacht spioradálta agus mhorálta an Aontais Eorpaigh atá ‘fothaithe ar luachanna dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta’, á rá go bhfuil an tAontas féin ‘bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta’.
Sa chéad chaibidil, leagtar síos go bhfuil dínit an duine dosháraithe. Ina dhiaidh sin, tá airteagail atá tiomanta don cheart chun beatha, don cheart chun iomláine an duine, do thoirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, agus do thoirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe. Sa chuid atá tiomanta do shaoirsí, liostaítear an ceart chun saoirse, an ceart chun slándála agus meas ar shaol an teaghlaigh. Luaitear go sonrach saoirse smaoinimh, coinsiasa agus comhlachais. Deimhnítear freisin an ceart chun oideachais, an ceart chun obair a dhéanamh, an ceart chun maoine agus an ceart chun tearmainn. Ag meabhrú gur comhionann gach duine os comhair an dlí, déantar gach cineál idirdhealaithe a thoirmeasc sa chaibidil den Chairt maidir le comhionannas agus forfhógraítear an comhionannas idir fir agus mná sa chaibidil sin. Ina dhiaidh sin luaitear cearta an linbh, cearta daoine scothaosta agus cearta daoine faoi mhíchumas. I dtaca le dlúthpháirtíocht, téarma a roghnaíodh faoi dheireadh mar rogha ar ‘chearta sóisialta’, déantar sraith de chearta a leagan amach sa Chairt amhail an ceart chun gníomhaíochta comhchoitinne (lena n-áirítear dul ar stailc), cosaint d’oibrithe i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil, an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa, an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta, an ceart ar liúntais slándála sóisialta agus an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte. Tá saothar leanaí toirmiscthe chomh maith. Déileálann an chaibidil ar an tsaoránacht le liosta de chearta a bhaineann go sonrach le saoránaigh an Aontais: an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin, an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, an ceart chun cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha i dtír lasmuigh den Aontas nó an ceart chun dea-riarachán a fháil ó institiúidí an Aontais.
Meabhraíonn an Chairt ansin coincheapa bunúsacha i gcúrsaí ceartais amhail toimhde na neamhchiontachta, urraim do na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta agus pionóis agus an ceart chun próiseas éifeachtach agus cóir os comhair cúirte. Baineann na hairteagail deiridh den téacs le raon feidhme na gceart agus na saoirsí a dtugtar aitheantas dóibh sa Chairt agus le raon feidhme fhorálacha na Cairte.