- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 2020 - 2024
An freasúra daonlathach sa Bhealarúis- 2020, Bhealarúis
Faoi stiúir mná cróga, na sochaí sibhialta agus pearsana polaitiúla eile, tá an Comhairle Comhordúcháin tar éis muintir na Bealarúise atá ag troid ar son an daonlathais sa deachtóireacht dheireanach san Eoraip a aontú.
Mura mbeidh an Bhealarúis saor, ní bheidh an Eoraip go hiomlán saor ach oiread (...) Níl uaim ach aon mhian amháin don bhliain seo. Is mian liom go mbeidh gach Bealarúiseach atá i bpríosún inniu nó atá díbeartha as an tír in ann filleadh ar a mbaile.
Sviatlana Tsikhanouskaya
Duais Sakharov 2021: Alexei Navalny
Is polaiteoir den fhreasúra sa Rúis é Alexei Navalny, agus tá sé gníomhach in aghaidh na caimiléireachta. Tá seasamh láidir tógtha in aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, aige.
Níl ionamsa ach duine den oiread sin daoine atá ag troid in aghaidh na caimiléireachta. Ní hé amháin go gcreidim gurb í an chneámhaireacht is cúis leis an mbochtaineacht agus le táirchéimiú na stát, ach is bagairt mhór ar chearta an duine atá inti chomh maith. Tiomnaím an duais seo do gach uile dhuine ar fud an domhain atá ag troid in aghaidh na caimiléireachta.
Alexei Navalny
Muintir na hÚcráine - 2022, an Úcráin
Bhronn FPEanna ar dhaoine cróga na hÚcráine, arna n-ionadú ag a n-Uachtarán, a gceannairí tofa agus an sochaí sibhialta, Duais Sakharov ar son Saoirse Smaointeoireachta.
Tá an duais seo do na hÚcránaigh sin atá i mbun troda. Dóibh siúd a bhí orthu teitheadh. Dóibh siúd a chaill gaolta agus cairde. Dóibh siúd go léir a sheasann agus a throideann ar son an méid a chreideann siad ann. Tá a fhios agam nach dtabharfaidh daoine cróga na hÚcráine suas agus nach dtabhfaimid ach oiread.
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola
Jina Mahsa Amini agus an Ghluaiseacht ‘Mná, Saol agus Saoirse’ - 2023, Iaráin
Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2023 ar Jina Mahsa Amini agus ar an nGluaiseacht ‘Mná, Saol agus Saoirse’ san Iaráin. Ba é Saleh Nikbakht, acadóir agus dlíodóir ag obair ar son theaghlach Jina Mahsa Amini, agus Afsoon Najafi agus Mersedeh Shahinkar, cosantóirí chearta ban na hIaráine a d’fhág an Iaráin in 2023, a rinne ionadaíocht ar na buaiteoirí.
Tá brón síoraí orm mar gheall ar Jina, agus mairfidh sí go deo do dhaoine ar fud an domhain. Creidim go daingean go bhfanfaidh a hainm, in aice le hainm Jeanne d’Arc, ina shiombail den tsaoirse. Ón áit a tháinig Jina ar an tsaol, gabhaim míle buíochas thar ceann mo theaghlaigh agus mo mhuintire, agus tá súil agam go seasfaidh sibh go daingean agus go mbeidh sibh bródúil as bhur rogha. Tá súil againn nach mbeidh eagla ariamh ar ghuth ar bith roimh fhógairt shaoirse.
Máthair Jina Mahsa Amini, Mozhgan Eftekhari
María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia - 2024, Veiniséala
Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado, mar cheannaire ar na fórsaí daonlathacha i Veiniséala, agus ar Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia, atá ag seasamh ar son gach Veiniséalach laistigh agus lasmuigh den tír atá ag troid ar son athbhunú an tsaoirse agus an daonlathais.