- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
Tá cearta an duine agus an daonlathas á gcur chun cinn ag Parlaimint na hEorpa leis na blianta fada. Labhraíonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa amach go rialta faoi sháruithe ar chearta an duine ar fud an domhain gan beann ar theorainneacha ná ar réimeas. Agus ní caint san aer é. Thug an síorfheachtasaíocht a rinne Andrei Sakharov ar son na saoirse smaointeoireachta spreagadh do Pharlaimint na hEorpa beart a dhéanamh de réir briathair, agus is mar sin a bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta in 1988. Bronnann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Duais Sakharov ar an mbuaiteoir ag suí iomlánach in Strasbourg más féidir. Tá sé mar aidhm leis an Duais sárobair Sakharov a chuimsiú agus a theachtaireacht a thabhairt ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.
Ní siombalachas amháin atá i gceist leis an Duais. Is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Chomh maith leis an deontas €50,000 a fhaigheann an buaiteoir, déanann na meáin tuairisciú forleathan ar bhronnadh na Duaise. Ar an gcaoi seo is féidir na tíortha ar fud an domhain atá ag sárú chearta an duine agus phrionsabail an daonlathais a cháineadh go poiblí. Go minic freisin, tugann bronnadh Dhuais Sakharov cosaint do na buaiteoirí ar aon fhrithbheartaíocht ina dtír féin. Cuireann an Duais agus pobal na Duaise araon ar chumas Pharlaimint na hEorpa cúnamh a thabhairt do na buaiteoirí agus tacú leo ina gcuid oibre. Is cuid den taidhleoireacht pharlaiminteach í Duais Sakharov agus thar na blianta tá méadú tagtha ar thábhacht na Duaise mar léiriú ar a thiomanta atá an Pharlaimint ó thaobh seasamh i gcoinne deachtóireachtaí agus ó thaobh cearta an duine ar fud an domhain a chur chun cinn.