- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí Dhuais Sakharov
Ó cuireadh tús léi os cionn tríocha bliain ó shin, tá aitheantas tugtha ag Duais Sakharov do réimse leathan gníomhaithe ar son chearta an duine a bhíonn ag obair gan stad chun ceartas agus comhionannas a bhaint amach ina sochaithe. Ó tharla í gan chumhacht i ndáiríre i réimse an bheartais eachtraigh le fada, d’aithin Parlaimint na hEorpa láithreach an fhéidearthacht a bhain le Duais Sakharov mar bhealach chun a tiomantas i bhfabhar cearta bunúsacha a chur i láthair go hidirnáisiúnta agus tá an deis sin glactha aici am ar bith ar fhéad sí é. Tagann na buaiteoirí ó réimse leathan cultúr agus réigiún agus tá gach cineál gníomhaí ina measc. Urlabhraithe do mhionlaigh, grúpa frithsceimhlitheoireachta, gníomhaí in aghaidh an chéasta, údar greannán, príosúnaigh choinsiasa atá faoi choinneáil le fada, stiúrthóir scannán, comhlacht na Náisiún Aontaithe, agus fiú cailín óg a thóg seasamh don cheart chun oideachais - fuair siad uile aitheantas ó Pharlaimint na hEorpa as a gcuid sároibre.
Trí cheiliúradh a dhéanamh ar dhaoine agus eagraíochtaí mar seo, déanann an Duais cur chun cinn gníomhach ar luachanna lena seasann an Pharlaimint, amhail an tsaoirse cainte, cearta mionlach, urraim don dlí idirnáisiúnta agus cur chun feidhme an daonlathais agus an smachta reachta. Chaith go leor de na buaiteoirí na blianta faoi choinneáil. Tá roinnt fiú a thug a mbeatha chun na luachanna sin a chosaint. Is díol suntais é go bhfuil roinnt buaiteoirí Dhuais Sakharov ar bronnadh Duais Nobel na Síochána orthu ina dhiaidh sin. Rud atá i gcoiteann ag buaiteoirí uile Dhuais Sakharov ná go bhfuil tuiscint shoiléir acu ar chomh riachtanach atá sé cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, agus go bhfuil siad toilteanach a saol a chaitheamh leis an síorchoimhlint sin.
I mí na Nollag 2019, osclaíodh ‘Cosán Saoirse Sakharov’ ar Esplanade Solidarność 1980, díreach os comhair Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil. Tá 43 thíl cheirmeacha sa Chosán ar a bhfuil cúpla líne faoi gach duine de bhuaiteoirí na Duaise. Tá siad leagtha amach in ord croineolaíoch ó 1988 go dtí an lá atá inniu ann. Cuireadh ann iad chun meabhrú laethúil a thabhairt dóibh siúd sa Pharlaimint faoi thábhacht ár gcearta mar dhaoine aonair, agus an gá atá ann na cearta sin a chosaint.
Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cosaint do chearta an duine ar fud an domhain (fuaime)
Chomh maith le Duais Sakharov a bhronnadh, seasann Parlaimint na hEorpa lena luachanna agus gníomhaíonn sí dá réir ar go leor bealaí eile freisin. Labhraíonn Feisirí na Parlaiminte amach go rialta faoi cheisteanna maidir le cearta an duine i dtíortha taobh amuigh den Aontas le rúin faoi chearta an duine ag suí iomlánach na Parlaiminte. Meastar na cearta seo a bheith uilíoch agus dá bhrí sin is mar a chéile an freagra is cuma cé acu a dtarlaíonn an sárú i Maenmar/Burma, atá thart ar 8 000 ciliméadar ó bhaile, nó sa Bhealarúis, atá ar theorainn an Aontais. Ghlac Parlaimint na hEorpa rúin thábhachtacha go minic a tharraing aird ar cheisteanna daonnúla suntasacha agus bíonn na Feisirí ag obair chun córais dhaonlathacha ar fud an domhain a chosaint. Téann siad thar lear chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin, idirghabháil a dhéanamh i gcoinbhleachtaí agus tacaíocht a thabhairt do pharlaimintí nuabhunaithe. Sampla de sin is ea an bhreathnóireacht a rinne Parlaimint na hEorpa ag an olltoghchán a reáchtáladh i bPeiriú i mí Eanáir 2020. Tuigeann Parlaimint na hEorpa nach dtagann deireadh le cearta an duine ag teorainneacha an Aontais, agus gníomhaíonn sí dá réir aon uair ar féidir léi é.