- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Parlaimint na hEorpa agus cosaint do chearta an duine ar fud an domhain
Bhí Parlaimint na hEorpa go mór i bhfabhar an chuid dhaonlathach den tionscadal Eorpach a chur chun cinn i gcónaí agus luigh sí isteach an-luath ar an obair chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn. Ach is le glacadh Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí in 1975 a mhéadaigh ar thiomantas na bhFeisirí Eorpacha cearta an duine a chur chun cinn. An bhliain chéanna, d’fhógair an Pharlaimint go raibh sí thar a bheith sásta gur bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an easaontóir agus fisiceoir Andrei Sakharov, a bhí páirteach i mbunú Choiste um Chearta an Duine san Aontas Sóivéadach in 1970.
Rinne an Pharlaimint cáineadh arís is arís eile ar chinneadh na n-údarás Sóivéadach Sakharov a choinneáil i mbraighdeanas aonair agus diúltú víosa a eisiúint dó chun go bhféadfadh sé taisteal go Osló agus an Duais a ghlacadh é féin. D’iarr sí go scaoilfí Andrei Sakharov saor agus go dtabharfaí cead dó féin agus dá bhean an tAontas Sóivéadach a fhágáil. Pléadh freisin cibé ar cheart suíochán i seomra tionóil na Parlaiminte a fhágáil folamh do Sakharov.
Tar éis a dtofa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach in 1979, thug na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa tús áite ina gcuid oibre d’fhorbairt agus cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha. Tháinig méadú gan stad ar líon na rún a glacadh sa réimse seo ó shin i leith. In 1984, bunaíodh Fochoiste um Chearta an Duine laistigh de Choiste um Ghnóthaí Polaitíochta na Parlaiminte (mar a bhí ag an am). Lean sé leis an obair a bhí ar siúl ag an ngrúpa oibre roimhe sin ar cheisteanna maidir le cearta an duine, cearta mionlach ina measc, agus maidir leis an smacht reachta i dtríú tíortha. Ó shin i leith, chun cáineadh poiblí a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine, ullmhaíonn an coiste iomchuí sa Pharlaimint tuarascáil bhliantúil maidir le cearta an duine ar fud an domhain agus maidir le beartas coiteann a fhorbairt ar an ábhar. Ach bhí an Pharlaimint de shíor ag iarraidh tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh. Sheol sí Feisirí chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin ar fud an domhain, chinntigh sí go raibh forálacha sna comhaontuithe eacnamaíocha agus trádála idirnáisiúnta chun cearta an duine a chosaint agus chuir sí daonlathas parlaiminteach chun cinn trí theagmháil thábhachtach a chothú le parlaimintí i dtríú tíortha.